Só Glamping Pods

i Mín na Leice, Contae Dhún na nGall

Check Availability & Make A Booking

Check-in Date:

Check-out Date:

[string_chosen_admin_search_type]

Number of accommodation:

Adults:

Children:

 

 

Searching...

×
Accommodation 1

Accommodation 2

Accommodation 3

Accommodation 4

Accommodation 5

Le theacht ár fhaighneogaí glampála iontacha úrnua, tig leat laethe saoire compordach ar do sháimín só a bheith agat ar leac an dorais Thábhairne Leo, an teach tábhairne ceoil is iomráitigh i nDún na nGall.

Tá na faighneogaí glampála i Mín ‘a Leice thar a bheith seascair agus thig le suas le ceathrar codladh i ngach faighneog i rith na bliana.

Lonnaithe i gcroílár na Rosann i nGaeltacht Dhún na nGall, is áit fhoirfe é ‘Braon den Nádúr’ do shaoire teaghlaigh. Is áit bhreá é faoi choinne éalú isteach sa tuath cé nach bhfuil sé ach turas beag gairid ón chósta agus na tránna gainimh galánta.

San am i láthair, tá tóir mór ar ghlampáil i measc daoine a bhfuil dúil acu i gcampáil agus cuireann sé ar fáil stíl campála atá socúlach agus comhaimseartha do theaghlaigh agus do dhaoine de gach aois chun sult a bhaint as.

Play Video
Eolas faoinár

Faighneogaí Glampála

Ofrálann ár gcuid faighneogaí glampála eispéireas compordach, áit a mothóidh tú cóngarach den fhiántas ach ag an am chéanna ag baint taitnimh as an mothú go bhfuil tú cóngarach den bhaile. Tá na faighneoga seo teolaí agus seascair taobh istigh, tig le ceathrar codladh iontu (leaba dhúbailte agus leaba thoilg dhúbailte) agus tá siad fóirsteanach do lánúineacha agus teaghlaigh araon.

Gnéithe

kitchen icon

Cistin

Tá doirteal, oigheann micreathonnach, cuisneoir/reoiteoir ann agus áit faoi choinne béilí beaga éadroma a dhéanamh réidh.

smart tv

Teilifís Smart

le rogha mór cainéil.

electric socket

Soicéid leictreacha le soicéid USB.

curtha ar fáil in áiteacha áisiúla.

bed icon

Áit chodlata

leaba dhúbailte ghreamaithe maraon le leaba thoilg dhúbailte. Cuirtear éadaí leapa ar fáil duit agus mar sin ní gá duit málaí codlata a thabhairt leat!

wifi icon

WiFi

ar fáil saor in aisce d’aíonna sna faighneogaí glampála.

table icon

Do thábla picnic féin agus binse.

ar fheabhas le suí amuigh faoin ghréin.

Nóta: níl tuáillí curtha ar fáil ach thig iad a fháil ar cíos.
Tá éadaí leapa curtha ar fáil.

Gnéithe

kitchen icon

Cistin

Cistin

smart tv

Teilifís Smart

le rogha mór cainéil.

electric socket

Soicéid leictreacha le soicéid USB.

curtha ar fáil in áiteacha áisiúla.

bed icon

Áit chodlata

leaba dhúbailte ghreamaithe maraon le leaba thoilg dhúbailte. Cuirtear éadaí leapa ar fáil duit agus mar sin ní gá duit málaí codlata a thabhairt leat!

wifi icon

WiFi

ar fáil saor in aisce d’aíonna sna faighneogaí glampála.

table icon

Do thábla picnic féin agus binse.

ar fheabhas le suí amuigh faoin ghréin.

Nóta: níl tuáillí curtha ar fáil ach thig iad a fháil ar cíos.
Tá éadaí leapa curtha ar fáil.

Rudaí tarraingteacha le feiceáil

Áiteacha le feiceáil agus le cuairt a thabhairt orthu.

Níl tú ach cúpla bomaite ar shiúl ó thrá Charraig Fhinne cóngarach d’Aerfort Dhún na nGall. Tá roinnt áiteacha den scoth don teaghlach a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu i ndeas do Mhín na Leice. Tá Contae Dhún na nGall déanta le haghaidh taiscéalaíochta agus ciallaíonn ár suíomh lárnach go bhfeicfidh tú gach rud atá le tairiscint ag an nGaeltacht gan dul i bhfiontar rTá Contae Dhún na nGall oiriúnach le thaiscéalaíocht a dhéanamh air agus de bharr ár suíomh lárnach is féidir leat gach uile rud atá sa Ghaeltacht a fheiceáil gan taisteal rófhadaófhada.

Tránna iontacha, radharcanna galánta farraige agus radharcanna tíre a bhainfeadh an anáil díot….Tá an oiread sin le feiceáil agus le déanamh in aice leat go gcaithfidh tú a theacht ar ais arís agus arís eile.

Tá ár suíomh glampála síochánta foirfe faoi choinne saoire thar cionn le do scíth a ligean – ach tá eachtraíocht cóngarach díot má tá barraíocht cathú ort! Breathnaigh thart ar an Earagail íocónach, Ionad Dhún Lúiche, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, Zú Feirme an Earagail, Drioglann Chroithlí, Siúlóidí Náduir agus roinnt tránna galánta gainnimhe agus ceap cuid de na tonnta – is agat féin atá an rogha!

Faoi choinne laetha amuigh, tá iliomad roghanna agat Caithfid tú cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair, An Fál Carrach, An Clochán Liath, Dún Fionnachaidh, iad uilig atá i ndeas díot – tá rud inteacht do gach uile dhuine i nDún na nGall. Agus is é an rud is fearr ná go bhfuil siad uilig cóngarach go leor de Mhín na Leice.

Gheobhaidh tú ceol traidisiúnta bríomhar i dTeach Tessie béal dorais de Thábhairne Leo i Mín a Leice

sráidbhaile beag den seandéanamh. Déanann siamsaíocht traidisiúnta de cheol beo agus bia maith i dTábhairne Leo atmaisféar lán cuideachta spraíúil Mar a dúras, tá an beár beag gleoite seo, Teach Tessie, le tine teolaí oscailte trasna an bhealaigh ó Thábhairne Leo agus an suíomh glampála. Cuireann sé fáilte romhat agus casfar cuid mhór daoine áitiúla ort agus seans go mbeidh ceol traidisiúnta ann fosta.

Tá clú agus cáil ar Thábhairne Leo de bharr gurb é seo baile na gceoltóirí a bhfuil cáil dhomhanda orthu, siad sin Enya, Clannad agus Moya Brennan. Tá teach Leo iomráiteach ar fud an domhain as a oidhreacht ceoil ar leith. Tá rud éigin ag gabháil ar aghaidh i gcónaí i dTábhairne Leo; mar sin de, tar isteach faoi choinne bia galánta agus oíche bhreá siamsaíochta. Ní bheadh fhios agat cé a chasfaí ort taobh istigh!

Tá fáilte chroíúil romhat, bia ar dóigh agus seirbhís iontach!

Téigh i dteagmháil

Invalid Email
Scroll to Top